
======================================================================
Comhad Eolais LibreOffice 5.0
======================================================================


Le haghaidh na nuashonruithe is déanaí ar an gcomhad seo, féach ar http://www.libreoffice.org/welcome/readme.html

Tá eolas tábhachtach sa chomhad seo faoi LibreOffice. Moltar duit é seo a léamh go cúramach roimh an bogearra a shuiteáil.

Ba mhaith le Comhphobal LibreOffice, ar a bhfuil sé de chúram an táirge seo a fhorbairt, cuireadh a thabhairt duit bheith i do bhall den chomhphobal. Agus tú i d'úsáideoir nua, tig leat eolas úsáideach a fháil ach cuairt a thabhairt ar shuíomh Gréasáin LibreOffice ag http://www.libreoffice.org/.

An bhfuil LibreOffice saor in aisce do chách, i ndáiríre?
----------------------------------------------------------------------

Tá LibreOffice saor in aisce do chách. Tá cead agat an chóip seo de LibreOffice a shuiteáil ar an oiread ríomhairí agus is mian leat, agus é a úsáid le haghaidh cibé gnó a theastaíonn uait (tráchtáil, rialtas, riarachán poiblí agus oideachas san áireamh). Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an téacs an cheadúnais a tháinig le LibreOffice.

Cén fáth a bhfuil LibreOffice saor in aisce do chách?
----------------------------------------------------------------------

Tá tú in ann an chóip seo de LibreOffice a úsáid saor in aisce mar thoradh ar an dearadh, forbairt, tástáil, aistriúchán, doiciméadú, tacaíocht, margaíocht agus cabhair eile a rinne rannpháirtithe aonair agus urraitheoirí corparáideacha ionas go mbeadh LibreOffice ar an bpríomhbhogearra oifige foinse oscailte.

Má tá tú buíoch as a gcuid oibre, agus más mian leat cinntiú go leanfaidh LibreOffice amach anseo, smaoinigh le do thoil faoi bheith rannpháirteach sa tionscadal - féach ar http://www.documentfoundation.org/contribution/ chun tuilleadh eolais a fháil. Is féidir le gach duine cabhair a thabhairt dúinn.

----------------------------------------------------------------------
Nótaí Suiteála
----------------------------------------------------------------------

Tá leagan déanach de thimpeallacht amrite Java (JRE) de dhíth ar LibreOffice. Toisc nach bhfuil JRE sa bheartán insuiteáilte LibreOffice, ba chóir duit JRE a shuiteáil go leithleach.

Riachtanais Chórais
----------------------------------------------------------------------

Go ginearálta, moltar duit LibreOffice a shuiteáil sa dóigh a molann do dháileadh Linux (mar shampla tríd an Ubuntu Software Center, sa chás Ubuntu Linux). Moltar é seo toisc gurb é an tslí is éasca a bheith cinnte go mbeidh sé comhtháite mar is ceart. Fiú, seans go raibh LibreOffice ar fáil cheana nuair a shuiteáil tú an córas oibriúcháin Linux i dtosach báire.

Cuirtear an suiteálaí "saorsheasaimh" LibreOffice ar fáil d'úsáideoirí atá ag iarraidh réamhamharc, a bhfuil riachtanais speisialta acu, nó le haghaidh cásanna as an ngnáth.

* Eithne Linux, leagan 2.6.18 nó níos airde;
* glibc2 leagan 2.5 nó níos airde;
* freetype leagan 2.2.0 nó níos airde;
* gtk leagan 2.10.4 nó níos airde;
* Gnome 2.16 nó níos déanaí, le pacáistí gail 1.9 agus at-spi 1.7 (chun tacú le huirlisí teicneolaíochta cúnta), nó córas comhoiriúnach eile (mar shampla KDE, i measc cinn eile).

Tá réimse leathan de dháileacháin Linux, agus fiú i ndáileachán amháin is minic roghanna éagsúla suiteála a bheith ar fáil (KDE vs Gnome, srl.). Bíonn a leagan ‘dúchasach’ de LibreOffice ag dáileacháin áirithe, a d'fhéadfadh gnéithe a bheith iontu atá difriúil ón LibreOffice Comhphobail seo. Go minic is féidir an LibreOffice Comhphobail a shuiteáil ag an am céanna agus an leagan ‘dúchasach’. De ghnáth, áfach, bíonn níos sábháilte an leagan ‘dúchasach’ a bhaint roimh shuiteáil an leagan Comhphobail seo. Lorg eolas faoi conas é sin a dhéanamh i ndoiciméadú do dháileacháin. 

Moltar duit cúltaca a dhéanamh ar do chóras nuair a shuiteálann tú bogearraí nua, nó nuair a bhaineann tú bogearraí ó do chóras.

Cinntigh go bhfuil go leor spás saor agat i gcomhadlann shealadach do chórais agus go bhfuil cead léite, scríofa agus reatha agat ann. Dún gach clár eile roimh thús a chur leis an tsuiteáil.

LibreOffice a shuiteáil ar chóras Linux bunaithe ar Debian/Ubuntu
----------------------------------------------------------------------

Chun treoracha a fháil conas beartán teanga a shuiteáil (i ndiaidh an leagan Béarla SAM de LibreOffice a shuiteáil), léigh le do thoil an mhír thíos dar teideal 'Beartán Teanga a Shuiteáil'.

Nuair a fholmhaítear an chartlann íosluchtaithe, feicfear go bhfuil an t-inneachar dí-chomhbhrúite i bhfo-chomhadlann. Oscail bainisteoir comhad, agus athraigh an chomhadlann chuig ceann a thosaíonn le "LibreOffice_", ina bhfuil uimhir an leagain agus beagán faisnéise i dtaca leis an ardán ina lorg.

Tá fo-chomhadlann darb ainm "DEBS" sa chomhadlann seo. Ba chóir duit dul isteach sa chomhadlann "DEBS".

Deaschliceáil laistigh den chomhadlann agus roghnaigh "Oscail i dTeirminéal". Osclófar fuinneog theirminéil. Ó líne na n-orduithe san fhuinneog seo, cuir an t-ordú seo a leanas isteach (caithfidh tú focal faire an fhorúsáideora a chur isteach sular féidir an t-ordú a chur i bhfeidhm):

Úsáid na horduithe seo a leanas chun LibreOffice agus na beartáin chomhtháite deisce a shuiteáil (is féidir iad a chóipeáil agus a ghreamú i dteirminéal seachas iad a chlóscríobh):

sudo dpkg -i *.deb

Tá an próiseas suiteála críochnaithe anois, agus tá deilbhíní do na feidhmchláir LibreOffice go léir sa roghchlár Applications/Office ar do ríomhaire.

LibreOffice a shuiteáil ar Fedora, openSUSE, Mandriva agus córais Linux eile le beartáin RPM
----------------------------------------------------------------------

Chun treoracha a fháil conas beartán teanga a shuiteáil (i ndiaidh an leagan Béarla SAM de LibreOffice a shuiteáil), léigh le do thoil an mhír thíos dar teideal 'Beartán Teanga a Shuiteáil'.

Nuair a fholmhaítear an chartlann íosluchtaithe, feicfear go bhfuil an t-inneachar dí-chomhbhrúite i bhfo-chomhadlann. Oscail bainisteoir comhad, agus athraigh an chomhadlann chuig ceann a thosaíonn le "LibreOffice", ina bhfuil uimhir an leagain agus beagán faisnéise i dtaca leis an ardán ina lorg.

Tá fochomhadlann darb ainm "RPMS" sa chomhadlann seo. Ba chóir duit dul isteach sa chomhadlann "RPMS".

Deaschliceáil laistigh den chomhadlann agus roghnaigh "Oscail i dTeirminéal". Osclófar fuinneog theirminéil. Ó líne na n-orduithe san fhuinneog seo, cuir an t-ordú seo a leanas isteach (caithfidh tú focal faire an fhorúsáideora a chur isteach sular féidir an t-ordú a chur i bhfeidhm):

Ar chóras bunaithe ar Fedora: su -c 'yum install *.rpm'

Ar chóras bunaithe ar Mandriva: sudo urpmi *.rpm

Ar chórais eile a úsáideann RPM (openSUSE, srl.): rpm -Uvh *.rpm

Tá an próiseas suiteála críochnaithe anois, agus tá deilbhíní do na feidhmchláir LibreOffice go léir sa roghchlár Applications/Office ar do ríomhaire.

Nó, is féidir leat an script 'install' (a gheobhaidh tú sa chomhadlann bharrleibhéil sa chartlann seo) a úsáid chun an tsuiteáil a dhéanamh mar ghnáthúsáideoir. Socróidh an script a próifíl LibreOffice féin don tsuiteáil seo, neamhspleách ar aon phróifíl LibreOffice eile atá agat. Tabhair faoi deara nach suiteálfar na comhpháirteanna a dhéanann comhtháthú leis an gcórais, mar shampla nascanna ar an deasc agus cineálacha MIME a chlárú.

Nótaí i dtaobh comhtháthú deisce i gcomhair dáiltí Linux nach gcuimsítear sna treoracha suiteála thuas
----------------------------------------------------------------------

Ba chóir go mbeadh sé éasca LibreOffice a shuiteáil ar dháiltí Linux eile nach gcuimsítear go sonrach sna treoracha suiteála seo. Meastar gur le comhtháthú deisce is mó a bheidh éagsúlacht ann.

Gheobhaidh tú beartán darb ainm libreoffice5.0-freedesktop-menus-5.0.0.1-1.noarch.rpm (nó libreoffice5.0-debian-menus_5.0.0.1-1_all.deb, nó rud éigin cosúil leis seo) sa chomhadlann RPMS (nó DEBS). Is beartán é seo do gach dáileadh Linux a thacaíonn le sonraíochtaí/moltaí Freedesktop.org (http://en.wikipedia.org/wiki/Freedesktop.org), agus cuirtear ar fáil é i gcomhair suiteála ar chórais Linux eile nach gcuimsítear sna treoracha réamhluaite.

Beartán Teanga a Shuiteáil
----------------------------------------------------------------------

Íosluchtaigh an beartán teanga do do rogha teanga agus ardán. Tá siad ar fáil ón suíomh céanna ina bhfuil an príomhchomhad suiteála. Ón mbainisteoir comhad Nautilus, bain an comhad íosluchtaithe amach i gcomhadlann (do dheasc, cuir i gcás). Deimhnigh gur scoir tú ó gach feidhmchlár de chuid LibreOffice (ina n-áirítear an MearThosaitheoir, má tá sé ar siúl).

Athraigh an chomhadlann chuig an chomhadlann inar bhain tú amach do bheartán teanga íosluchtaithe.

Anois athraigh an chomhadlann chuig an chomhadlann a chruthaíodh i rith na hasbhainte. Cuir i gcás, don bheartán Fraincise i gcomhair chórais 32-bheart bunaithe ar Dhebian/Ubuntu, tugtar LibreOffice_, mar aon le faisnéis faoin leagan, móide Linux_x86_langpack-deb_fr ar an gcomhadlann.

Anois athraigh an chomhadlann chuig an chomhadlann ina bhfuil na beartáin le suiteáil. Ar chórais bunaithe ar Dhebian/Ubuntu, DEBS a bheidh ar an gcomhadlann. Ar chórais Fhedora, openSUSE nó Mandriva, RPMS a bheidh ar an gcomhadlann.

Ón mbainisteoir comhad Nautilus, deas-chliceáil sa chomhadlann agus roghnaigh an t-ordú "Oscail i dteirminéal". San fhuinneog theirminéil a d'oscail tú, rith an t-ordú chun an beartán teanga (leis na horduithe uile thíos, b'fhéidir go n-iarrfaí ort d'fhocal faire a chuir isteach) a shuiteáil:

Ar chóras bunaithe ar Debian/Ubuntu: sudo dpkg -i *.deb

Ar chóras bunaithe ar Fedora: su -c 'yum install *.rpm'

Ar chóras bunaithe ar Mandriva: sudo urpmi *.rpm

Ar chórais eile a úsáideann RPM (openSUSE, srl.): rpm -Uvh *.rpm

Anois tosaigh ceann ar bith d'fheidhmchláir  LibreOffice – Writer, cuir i gcás. Téigh chuig an roghchlár "Uirilisí" agus roghnaigh "Roghanna". I mbosca na Roghanna, brúigh ar "Socruithe Teanga" agus ina dhiaidh sin brúigh ar "Teangacha". Tarraing anuas an liosta "Comhéadan úsáideora" agus roghnaigh an teanga a shuiteáil tú. Más mian leat, déan an rud ceannann céanna don "Socrú logchaighdeáin", don "Airgeadra réamhshocraithe", agus don "Teangacha réamhshocraithe le haghaidh cáipéisí".

Tar éis na socruithe sin a athrú, brúigh ar OK. Dúnfar an fhuinneog bheag, agus feicfear teachtaireacht fhaisnéise ag cur in iúl duit nach gcuirfear d'athruithe i bhfeidhm ach amháin nuair a scoirfidh tú ó LibreOffice agus nuair a thosaítear arís é (cuimhnigh chun scor ón MearThosaitheoir má tá sé sr siúl).

An chéad uair eile a thosaítear LibreOffice, tosóidh sé sa teanga atá díreach suiteáilte agat.

----------------------------------------------------------------------
Fadhbanna le linn Thosú an Chláir
----------------------------------------------------------------------

Is minic tiománaí an chárta ghrafaice a bheith freagrach as fadhbanna i dtosú LibreOffice (m.sh. stopann feidhmchláir) chomh maith le fadhbanna i dtaispeáint ar an scáileán. Má tharlaíonn fadhbanna mar sin, nuashonraigh tiománaí do chárta ghrafaice nó bain triail as an tiománaí atá mar chuid de do chóras oibriúcháin. Go minic is féidir fadhbanna i dtaispeáint réada 3T a réiteach tríd an rogha "Úsáid OpenGL" a dhíchumasú in 'Uirlisí - Roghanna - LibreOffice - Amharc - Amharc 3T'.

----------------------------------------------------------------------
Aicearraí
----------------------------------------------------------------------

Ní féidir ach aicearraí méarchláir (teaglamaí eochracha) nach bhfuil in úsáid ag an gcóras oibriúcháin a úsáid in LibreOffice. Mura n-oibríonn teaglaim eochracha in LibreOffice sa dóigh a ndéantar cur síos uirthi i gCabhair LibreOffice, féach an bhfuil an t-aicearra sin in úsáid cheana ag an gcóras oibriúcháin. Is féidir leat na heochracha atá socraithe ag do chóras a athrú chun coimhlintí mar seo a réiteach. Mar rogha air sin, is féidir beagnach socrú eochrach ar bith in LibreOffice a athrú. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar seo, féach i gcáipéisí cabhrach LibreOffice nó do chórais oibriúcháin.

----------------------------------------------------------------------
Glasáil Comhaid
----------------------------------------------------------------------

Tá glasáil comhaid cumasaithe mar réamhshocrú in LibreOffice. Ar líonra a úsáideann an prótacal NFS (Network File System), ní mór deamhan glasála do chliaint NFS a bheith ar siúl.  Chun glasáil a dhíchumasú, cuir an script soffice in eagar agus athraigh an líne "export SAL_ENABLE_FILE_LOCKING" go "# export SAL_ENABLE_FILE_LOCKING".  Má dhíchumasaíonn tú glasáil, beidh daoine seachas an duine a d'oscail an cháipéis i dtosach báire in ann scríobh air.

----------------------------------------------------------------------
Feidhmíocht Graifice
----------------------------------------------------------------------

Mar réamhshocrú, is fearr le LibreOffice grafaicí cuidsúlacha in áit luas. Má bhíonn na grafaicí rómhall, d'fhéadfadh sé bheith mar shochar duit ‘Uirlisí – Roghanna - LibreOffice – Amharc – Úsáid Frithailiasáil’ a mhúchadh.

----------------------------------------------------------------------
Nótaí Tábhachtacha maidir le hInrochtaineacht
----------------------------------------------------------------------

Chun tuilleadh eolais maidir le gnéithe inrochtaineachta LibreOffice a fháil, féach ar http://www.libreoffice.org/accessibility/

----------------------------------------------------------------------
Tacaíocht d'Úsáideoirí
----------------------------------------------------------------------

Ar an bpríomhleathanach tacaíochta http://www.libreoffice.org/support/ gheobhaidh tú ábhair chabhrach éagsúla le haghaidh LibreOffice. Seans go bhfuil freagra ann cheana féin ar do cheist - féach san Fhóram Comhphobail ag http://www.documentfoundation.org/nabble/ nó cuardaigh cartlann an liosta ríomhphoist 'users@libreoffice.org' ag http://www.libreoffice.org/lists/users/. Nó, tig leat ceist a sheoladh chuig users@libreoffice.org. Más mian leat clárú leis an liosta (sa chaoi go bhfaighfidh tú freagra ríomhphoist), seol teachtaireacht fholamh chuig: users+subscribe@libreoffice.org.

Agus féach ar na Ceisteanna Coitianta ag http://www.libreoffice.org/faq/.

----------------------------------------------------------------------
Tabhair Tuairiscí ar Fhadhbanna agus ar Fhabhtanna
----------------------------------------------------------------------

Is é BugZilla an córas a mbainimid úsáid as chun tuairisc a dhéanamh ar fhadhbanna, iad a leanúint, agus iad a réiteach. Tá sé ar fáil ag https://bugs.libreoffice.org/. Tá gach aon úsáideoir i dteideal, agus fáilte rompu, tuairisc a thabhairt ar fhadhbanna a tharlaíonn ar a n-ardán féin. Is é tuairisciú beoga ar fhadhbanna ceann de na rudaí is tábhachtaí ar féidir le comhphobal na n-úsáideoirí a thabhairt d'fhorbairt agus d'fheabhsú LibreOffice.

----------------------------------------------------------------------
Conas a Bheith Páirteach
----------------------------------------------------------------------

Rachadh sé go mór chun sochair Chomhphobal LibreOffice dá mbeifeá páirteach gníomhach i bhforbairt an tionscadail thábhachtaigh seo foinsí oscailte.

Agus tú i d'úsáideoir, is cuid luachmhar de phróiseas forbartha an bhogearra tú cheana, agus ba mhaith linn thú a spreagadh chun ról níos gníomhaí fós a bheith agat d'fhonn bheith i do chuiditheoir leis an gcomhphobal go fadtéarmach. Glac páirt, le do thoil, agus féach ar leathanach na n-úsáideoirí ag http://www.libreoffice.org/contribution/

Tús Maith
----------------------------------------------------------------------

Is éard ab fhearr a dhéanamh le tosú ag cuidiú ná clárú le liosta nó dhó, bí ag cúlchoimhéad ar feadh tamall, agus na cartlanna ríomhphoist a úsáid chun taithí a fháil ar na hábhair a pléadh ó scaoileadh amach cód foinseach LibreOffice i mí Dheireadh Fómhair 2000. Nuair a bheidh tú ar do shuaimhneas, níl le déanamh ach teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chun tú féin a chur in aithne do dhaoine, agus ar aghaidh leat. Má tá taithí agat ar thionscadail fhoinsí oscailte, féach an bhfuil aon rud a d'fhéadfá cabhrú leis ar ár liosta de rudaí atá le déanamh ag http://www.libreoffice.org/develop/.

Liostáil
----------------------------------------------------------------------

Seo roinnt de liostaí ríomhphoist ar féidir leat clárú leo ag http://www.libreoffice.org/contribution/

* Nuacht: announce@documentfoundation.org *molta do gach úsáideoir* (trácht beag)
* Príomhfhóram na n-úsáideoirí: users@global.libreoffice.org *slí furasta le bheith ag cúlchoimhéad sna díospóireachtaí* (trácht mór)
* Tionscadal margaíochta: marketing@global.libreoffice.org *níos mó ná forbairt* (trácht ag éirí mór)
* Liosta ginearálta d'fhorbróirí: libreoffice@lists.freedesktop.org (trácht mór)

Bí páirteach i dtionscadal nó i dtionscadail
----------------------------------------------------------------------

Is féidir leatsa cabhrú go mór leis an tionscadal tábhachtach foinsí oscailte seo fiú mura bhfuil agat ach beagán taithí ar dhearadh bogearraí nó ar ríomhchlárú. Tusa!

Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as bheith ag obair le LibreOffice 5.0 agus go mbeidh tú linn ar líne.

Comhphobal LibreOffice

----------------------------------------------------------------------
Cód Foinseach Úsáidte/Athraithe
----------------------------------------------------------------------

Portions Copyright 1998, 1999 James Clark. Portions Copyright 1996, 1998 Netscape Communications Corporation.